Scéal eile fá shean teach atá ag taobh an tí acu agus an scéal atá ag gabháil leis. Tháinig sióg isteach chun tí ag fir a bhí ag baint mhóna an lá seo agus d’iarr sí orthu gan a bheith ag caitheamh uisce amach ar an doras. Dhruid siad an doras cúil agus níor osclaíodh ó shin é.